Fáilte chuig leinstergaa.ie - suíomh oifigiúil Comhairle Laighean CLG

An Lasc Talún

An Lasc Talún

Glac an seasamh réidh.

Ba chóir go mbeadh do chosa scartha óna chéile go feadh leithead do choirp (idir na guaillí), agus an sliotar os comhair do choise tosaigh.

Sleamhnaigh do lámh lag go dtí go bhfuil fáscadh an ghlais ar an gcamán agat, agus d’uillinneacha á lúbadh agat chun an camán a ardú.

Lúb do ghlúine beagán agus bíodh do shúile ar an sliotar agat. Ag an am céanna, tarraing an camán anuas agus leas á bhaint as caol na lámh chun neart a thabhairt.

Lasc an sliotar le clár bhos an chamáin.

Athraigh meáchan do choirp ó do chos láidir go dtí do chos lag, de réir mar a chuirtear an tarraingt i gcrích.

Coinnigh do cheann fút agus tarraing tríd go dtí go bhfuil an camán ar comh-airde ar a laghad le do ghualainn

Carlow GAA
Dublin GAA
Kildare GAA
Kilkenny GAA
Laois GAA
Longford GAA
Louth GAA
Meath GAA
Offaly GAA
Westmeath GAA
Wexford GAA
Wicklow GAA