Fáilte chuig leinstergaa.ie - suíomh oifigiúil Comhairle Laighean CLG

An Pas Láimhe

An Pas Láimhe

Coimeád an camán le do láimh láidir, an sliotar le do láimh lag.

Caith an sliotar san aer le do láimh lag go dtí pointe faoi bhun airde do ghualainne, agus tabhair céim le do chois láidir i dtreo an iománaí atá chun an sliotar a ghlacadh (“an glacadóir”).

Tarraing siar agus sín amach do ghéag láimhe lag.

Coinnigh do shúil ar an sliotar.

Tarraing an lámh tríd an sliotar i dtreo an ghlacadóra.

Is é an pointe teagmhála an áit a dtagann méara agus bos do láimhe le chéile.

Tarraing tríd chun an sliotar a sheachadadh ar comh-airde le ceann an ghlacadóra.

Coinnigh an camán os cionn do choirp agus trasna le linn an seachadadh a dhéanamh chun cosaint a thabhairt duit féin

Carlow GAA
Dublin GAA
Kildare GAA
Kilkenny GAA
Laois GAA
Longford GAA
Louth GAA
Meath GAA
Offaly GAA
Westmeath GAA
Wexford GAA
Wicklow GAA